Comhairle na nDochtúirí Leighis

Maidir le Comhairle na nDochtúirí Leighis

Is í Comhairle na nDochtúirí Leighis an comhlacht rialaitheach le haghaidh dochtúirí. Tá ról reachtach aici maidir leis an bpobal a chosaint trí na caighdeáin ghairmiúla is airde a chur chun cinn i measc dochtúirí atá i mbun cleachtais i bPoblacht na hÉireann. Ní comhaltaí míochaine tromlach na Comhairle. Tá 25 comhalta ar an gComhairle agus ní comhaltaí míochaine 13 acu siúd agus is comhaltaí míochaine an 12 eile. Ní thugann an Stát aon mhaoiniú don Chomhairle agus is táillí clárúcháin na ndochtúirí an phríomhfhoinse mhaoinithe atá aici.

Coinníonn Comhairle na nDochtúirí Leighis Clár Liachleachtóirí - Clár na ndochtúirí a bhfuil cead dlíthiúil acu obair mhíochaine a dhéanamh in Éirinn. Leagann an Chomhairle síos na caighdeáin maidir le hoideachas agus oiliúint mhíochaine in Éirinn. Déanann sí maoirsiú ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna ar feadh gairmréimeanna trí na ceanglais atá aici maidir le hinniúlacht ghairmiúil. Tá sé de thasc aici dea-chleachtas míochaine a chur chun cinn. Is féidir le duine den phobal gearán a dhéanamh in aghaidh dochtúra le Comhairle na nDochtúirí Leighis. 

     DEA-CHLEACHTAS  GAIRMIÚIL


Ár bhFís, Misean agus Luachanna

Fís: Cúram othar sábháilte ardchaighdeáin, muinín an phobail as gairm an leighis agus ceannaireacht i gcúram sláinte

Misean: Caighdeáin ghairmiúla a leagan síos, a mhonatóiriú agus a chur chun cinn a thacaíonn le cúram othar sábháilte d'ardchaighdeán agus na torthaí othar is fearr a sholáthar

Luachanna:

  • Tacú le hothair agus tacú le cleachtóirí leighis i dtimpeallacht chúram sláinte atá ag athrú
  • Gníomhú le neamhspleáchas, le cothroime agus le hionracas
  • A bheith oscailte agus trédhearcach
  • Muinín agus meas a chothú idir lia-chleachtóirí, othair agus Comhairle na nDochtúirí Leighis
  • Ceannaireacht agus tionchar a imirt ar chúram sláinte
  • Cuntasacht a ghlacadh as ár gcinntí agus ár ngníomhartha

Ár bhFoilseacháin

Ráiteas Straitéise Chomhairle na nDochtúirí Leighis, 2025 - 2028

Leagann an plean straitéiseach seo amach ár dtiomantas d'fheabhsú leanúnach, don trédhearcacht agus don chuntasacht.

Beartas Foilseacháin Chomhairle na nDochtúirí Leighis

Cur chuige Chomhairle na nDochtúirí Leighis maidir le faisnéis shonrach i gcúrsaí um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh a fhoilsiú agus a nochtadh.

Treoir maidir le hIompar Gairmiúil & Eitic do Lia-Chleachtóirí Cláraithe

Féachann an Treoir um Iompar agus Eitic Ghairmiúil do Lia-Chleachtóirí Cláraithe le tacaíocht a thabhairt do dhochtúirí trí threoir bunaithe ar phrionsabail a sholáthar maidir leis an mbealach is fearr oibriú i gcomhpháirtíocht le hothair.

Reachtaíocht

Acht chun cosaint agus eolas níos fearr a thabhairt don phobal ina chuid déileálacha le lia-chleachtóirí - Acht na lia-chleachtóirí 2007

Reachtaíocht

Acht Na Lia-Chleachtóirí (Leasú), 2011

Medical Practitioners Amendment Act, 2011

Acht Na Lia-Chleachtóirí 2007

Medical Practitioners Act, 2007

An Tacht Sláinte (Forálacha Ilghéitheacha) 2007

Health Miscellaneous Provisions Act, 2007

Acht Na Lia-Chleachtóirí (Leasú), 2002

Medical Practitioners Amendment Act, 2002

Acht Na Lia-Chleachtóirí (Leasú), 2000

Medical Practitioners Amendment Act, 2000

Acht Na Lia-Chleachtóirí (Leasú), 1993

Medical Practitioners Amendment Act, 1993

Ár dTiomantas

Aithníonn Comhairle na nDoctúirí Leighis go bhfuil ceart ag an bpobal a gnó a dhéanamh sa rogha teanga agus go n-éascófar iad, agus iad ag plé linn, cibé acu i mBéarla nó i nGaeilge. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá custaiméirí i dteideal seirbhísí ar leith tríd an nGaeilge lena n-áirítear freagra ar chomhfhreagras i nGaeilge agus infhaighteacht mórfhoilseachán i nGaeilge e.g. Tuarascáil Bhliantúil. Tá Comhairle na nDochtúirí Leighis ag obair lena chinntiú go bhfuil tacaíochtaí cuí agus acmhainní oilte i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais seirbhíse seo agus foilseoimid tuilleadh faisnéise faoi seo in am trátha.

Má tá aon cheist nó moladh agat seol ríomhphost chuig gaeilge@mcirl.ie.